Jump to content

Simon Harris

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSimon Harris

(2024) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith17 Deireadh Fómhair 1986
40 bliana d'aois
Na Clocha Liatha, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
An tAire Gnóthaí Eachtracha
23 Eanáir 2025 –
← Mícheál Ó Máirtín
Tánaiste
23 Eanáir 2025 –
← Mícheál Ó Máirtín
Aire Cosanta
23 Eanáir 2025 –
← Mícheál Ó Máirtín
Teachta Dála
29 Samhain 2024 –
Téarma parlaiminte: An 34ú Dáil

Toghcheantar: Cill Mhantáin

Taoiseach
9 Aibreán 2024 – 23 Eanáir 2025
← Leo de Varad – Mícheál Ó Máirtín →
An tAire Dlí agus Cirt
17 Nollaig 2022 – 1 Meitheamh 2023
← Heather Humphreys – Eiléana Nic an tSaoi →
Minister for Further and Higher Education, Research, Innovation and Science (en) Aistrigh
27 Meitheamh 2020 – 9 Aibreán 2024 – Pádraig Ó Donnabháin →
Teachta Dála
8 Feabhra 2020 – 8 Samhain 2024 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 33ú Dáil

Toghcheantar: Cill Mhantáin

An tAire Sláinte
6 Bealtaine 2016 – 27 Meitheamh 2020
← Leo de Varad
Teachta Dála
10 Márta 2016 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 32ú Dáil

Toghcheantar: Cill Mhantáin

Teachta Dála
9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 31ú Dáil

Toghcheantar: Cill Mhantáin

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
Ardee Community School (en) Aistrigh
St David's Holy Faith Secondary School, Greystones (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, ceannaire rialtais Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFine Gael Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
SiblínAdam Harris

Suíomh gréasáinsimonharris.ie Cuir in eagar ar Wikidata

X: SimonHarrisTD Bluesky: simonharrisireland.bsky.social Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir Éireannach de chuid Fine Gael agus Teachta Dála do Chill Mhantáin é Simon Harris (a rugadh ar an 17 Deireadh Fómhair 1986).[1][2] Tá sé ina Thánaiste ó Eanáir 2025 agus ina Aire Airgeadais ó mhí na Samhna 2025. Síomón Ó hEarchaí an leagan Gaeilge dá ainm a úsáidtear i gcáipéisí oifigiúla an Oireachtais.[3]

Tá sé ina cheannaire ar Fhine Gael ó 2024, agus bhí sé ina Thaoiseach ó Aibreán 2024 go hEanáir 2025, i gcomharbacht ar Leo Varadkar. Bhí sé ina Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus ina Aire Cosanta ó Eanáir go Samhain 2025.[4]

Simon Harris in 2012
Simon Harris in 2017
Ag an gComhairle Eorpach, Meitheamh 2024
Aibreán 2025

Tógadh Harris sna Clocha Liatha, i gContae Chill Mhantáin. Tiománaí tacsaí ba ea a athair, agus cúntóir riachtanas speisialta i scoil ba ea a mháthair. Nuair a bhí sé cúig bliana déag d'aois, chuaigh sé i mbun stocaireachta ar pholaiteoirí ar son seirbhísí do dhaoine a bhfuil uathachas orthu, mar go bhfuil uathachas ar a dheartháir níos óige.[5]

D'fhreastail sé ar an Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, áit a ndearna sé staidéar ar an iriseoireacht agus ar an bhFraincis, ach d'éirigh sé as a chúrsa in 2008 chun dul ag obair le Frances Fitzgerald, a bhí ina ceannaire ar an bhfreasúra sa tSeanad ag an am.[6][5] Toghadh é ar Chomhairle Contae Chill Mhantáin sna toghcháin áitiúla in 2009, le 32% de na vótaí céad rogha i dtoghlimistéar na gClocha Liatha.[7]

Toghadh Harris chun na Dála don chéad uair in olltoghchán 2011, le 12% de na vótaí céad rogha; ba é an Teachta Dála ab óige sa 31ú Dáil é, agus é 24 bliain d'aois.[8][9] Atoghadh é in olltoghchán 2016 le 16% de na vótaí céad rogha. In olltoghchán 2024, fuair sé 30% de na vótaí céad rogha, agus toghadh é ar an gcéad chomhaireamh.[7]

Aire Stáit, 2014–2016

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 15 Iúil 2014, ceapadh Harris ina Aire Stáit ag an Roinn Airgeadais, agus Oifig na nOibreacha Poiblí faoina chúram.[10]

Aire Sláinte, 2016–2020

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 6 Bealtaine 2016, ceapadh Harris ina Aire Sláinte.[11] Ba é a bhí freagrach as an reifreann in 2018 inar aisghaireadh an tOchtú Leasú ar an mBunreacht, agus as an Acht Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil), 2018, a cheadaigh ginmhilleadh faoi choinníollacha áirithe.[12][13]

Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, 2020–2024

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 15 Lúnasa 2023, sheol Harris, a bhí ina Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta ó 2020, Plean Printíseachta na Seirbhíse Poiblí, 2022–2025. Leagadh amach sa phlean conas a mhéadófaí líon na gclárúchán printíseachta sa tseirbhís phoiblí agus sna húdaráis áitiúla faoi dhó, go dtí 750, roimh 2025.[14]

Léirigh sé tacaíocht freisin d'ollscoil i nDoire, togra a bhfuil dúil mhór ann taobh thiar den Bhanna.[15]

Aire Dlí agus Cirt, 2022–2023

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó mhí na Nollag 2022 go mí an Mheithimh 2023, bhí Harris ina Aire Dlí agus Cirt freisin ar bhonn sealadach, fad a bhí a chomhghleacaí Helen McEntee ar saoire mháithreachais.[16]

Taoiseach, 2024–2025

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a d'éirigh Leo Varadkar as ceannaireacht Fhine Gael i mí an Mhárta 2024, ba é Harris an t-aon iarrthóir a ainmníodh don cheannaireacht, agus rinneadh ceannaire de ar an 24 Márta.[1][2][17] Ar an 9 Aibreán 2024, ainmníodh ina Thaoiseach é, agus é 37 bliain d'aois; ba é an Taoiseach ab óige riamh é.[18] Ar an 8 Samhain 2024, d'fhógair sé go mbeadh olltoghchán ann ar an 29 Samhain.[19] D'fhan sé ina Thaoiseach go dtí gur ceapadh rialtas nua faoi cheannas Mhíchíl Uí Mháirtín ar an 23 Eanáir 2025.

Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha, 2025

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 23 Eanáir 2025, ceapadh Harris ina Thánaiste, ina Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus ina Aire Cosanta i Rialtas an 34ú Dáil.[4] Ar an 15 Deireadh Fómhair 2025, rith Dáil Éireann rún go raibh muinín aici as an Tánaiste.[3]

Aire Airgeadais, 2025–

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 18 Samhain 2025, ceapadh Harris ina Aire Airgeadais tar éis do Paschal Donohoe éirí as, agus tháinig Helen McEntee ina áit mar Aire Gnóthaí Eachtracha agus Aire Cosanta.[20]

Dúirt Harris sa bhliain 2022 go raibh sé ag iarraidh níos mó Gaeilge a labhairt agus go raibh sé i gceist aige tabhairt faoi ranganna Gaeilge.[21]

Mar Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, ba mhinic a cáineadh é faoina mheon féin agus faoi mheon a Roinne i leith na Gaeilge.[22] San acht a bhí i bhfeidhm ó 1971, bhí tagairt láidir do chosaint na Gaeilge, ach nuair a foilsíodh ceannteidil an bhille nua in 2021, ní raibh tagairt ar bith don Ghaeilge iontu. Mhol Harris go mbainfí an tagairt sin amach agus go gcuirfí tagairt ghinearálta do "chúrsaí cultúrtha" ina háit, agus cáineadh go láidir é dá bharr.[23] D'athraigh sé a sheasamh ina dhiaidh sin: i mBille an Údaráis um Ard-Oideachas, 2022, a foilsíodh go luath in 2022, luadh go mbeadh sé mar chuspóir ag an Údarás tacú leis na hinstitiúidí tríú leibhéal a bhí faoina chúram an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn.[24] Dúirt Harris ag an am go raibh "réimse leathan" cúrsaí ar fáil i nGaeilge, agus dóthain acu chun freastal ar aon éileamh breise ar Ghaeilgeoirí a bheadh ann amach anseo de thoradh an Bhille Teanga.[25][24]

Saol pearsanta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Phós Harris Caoimhe Wade in 2017.[26] Tá triúr clainne acu; rugadh an tríú duine acu, iníon, i mí Dheireadh Fómhair 2026.[27]

Tá galar Crohn ar Harris.[28]

I mí Lúnasa 2025, chuir na Gardaí tús le fiosrúchán coiriúil faoi bhagairt ar Harris agus ar a chlann a foilsíodh ar na meáin shóisialta.[29] Ar an 20 Samhain 2025, tugadh bean 40 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath agus í cúisithe i dteachtaireacht bhagrach a sheoladh chuig Harris ar an 30 Lúnasa 2025.[30]

I mí Lúnasa 2024, rinne Patrick Grealish, fear as Leitir Mealláin i gContae na Gaillimhe, bagairt ar líne go maródh sé Harris nó go ndéanfadh sé díobháil mhór dó féin agus dá chlann. Phléadáil Grealish ciontach i mí Dheireadh Fómhair 2025. Ciontaíodh é as 70 cion roimhe sin: bhain 24 díobh le cionta bóthair agus 46 le cionta gadaíochta. I ráiteas don chúirt, dúirt Harris gur mhian leis go dtuigfeadh Grealish go bhfágann bagairtí drochbhail ar dhaoine, go ngortaíonn siad iad agus go gcothaíonn siad imní uafásach iontu. Ar an 17 Feabhra 2026, i gCúirt Dúiche Dhoire an Fhéich, gearradh téarma ocht mí príosúin ar Grealish, agus cuireadh an dara leath de ar fionraí.[31]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 "Simon Harris deimhnithe ina iarrthóir do cheannaireacht FG" (as ga) (2024-03-21).
  2. 1 2 "Cosán glan ag Simon Harris do cheannaireacht Fhine Gael" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-21). Dáta rochtana: 2024-03-21.
  3. 1 2 Dáil Éireann (15 Deireadh Fómhair 2025). "Tairiscint maidir le muinín as an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha".
  4. 1 2 Nuacht RTÉ (23 Eanáir 2025). "Comhaireacht nua fógartha ag Micheál Martin" (ga-IE).
  5. 1 2 Rory Carroll (2024-04-07). "'Always in a hurry': the rapid rise of Simon Harris, Ireland's 'TikTok taoiseach'" (en). The Guardian. Dáta rochtana: 2026-11-07.
  6. ↑ "Simon Harris as Minister for Health: the challenge awaits" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-03-21.
  7. 1 2 "Simon Harris" (en). ElectionsIreland.org. Dáta rochtana: 2026-11-07.
  8. ↑ "Simon (24) continues proud FG tradition of Young Turks" (en). Irish Independent (2011-02-28). Dáta rochtana: 2024-03-21.
  9. ↑ "ElectionsIreland.org: 31st Dáil - Wicklow First Preference Votes". electionsireland.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-03-21. Dáta rochtana: 2024-03-21.
  10. ↑ "Simon Harris among new Ministers of State" (en). RTÉ News (2014-07-15). Dáta rochtana: 2026-11-07.
  11. ↑ "Frances Fitzgerald is Tánaiste in new Cabinet" (en). RTÉ News (2016-05-06). Dáta rochtana: 2026-11-07.
  12. ↑ Tithe an Oireachtais. "An tAcht um an Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht, 2018" (ga). Dáta rochtana: 2026-11-07.
  13. ↑ Tithe an Oireachtais. "An tAcht Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil), 2018" (ga). Dáta rochtana: 2026-11-07.
  14. ↑ publicjobs.ie (2023). "Meafódar líon na bprintíseachtaí faoi dhó go dtí 750 roimh 2025 faoi Phlean Printíseachta na Seirbhíse Poiblí". Dáta rochtana: 2024.
  15. ↑ Póilín Ní Chiaráin (24 Márta 2024). "Beidh gá le fuinneamh ón Taoiseach nua, ar an dá thaobh den teorainn" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-24.
  16. ↑ Micheál Lehane (2022-12-17). "Reshuffle: Who is in the new Cabinet?" (en). RTÉ News. Dáta rochtana: 2026-11-07.
  17. ↑ "Simon Harris pledges to win back trust of voters who no longer support Fine Gael as new leader" (en). The Irish Times (2024-03-24). Dáta rochtana: 2026-11-07.
  18. ↑ "As it happened: Simon Harris elected Taoiseach" (en). RTÉ News (2024-04-09). Dáta rochtana: 2026-11-07.
  19. ↑ Fiachra Ó Cionnaith (2024-11-08). "Parties hit the campaign trail as General Election 2024 begins" (en). RTÉ News. Dáta rochtana: 2026-11-07.
  20. ↑ Nuacht RTÉ (2025-11-18). "Harris ceaptha ina Aire Airgeadais in áit Donohoe" (as ga-IE).
  21. ↑ "An tAire Ardoideachais le tabhairt faoi ranganna chun a chuid Gaeilge a fheabhsú" (ga-IE). Tuairisc.ie (2022-04-06). Dáta rochtana: 2024-03-21.
  22. ↑ ExtraG (2024-03-20). "Tar éis Leo, cé a bheidh mar chéad Taoiseach eile againn?" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-03-21.
  23. ↑ "‘An é atá á rá ag an Aire Harris nach bhfuil fás na Gaeilge ina aidhm náisiúnta a thuilleadh?’" (ga-IE). Tuairisc.ie (2021-07-14). Dáta rochtana: 2024-03-21.
  24. 1 2 "Athrú poirt ag Harris agus tagairt don Ghaeilge curtha i mbille oideachais nua" (ga-IE). Tuairisc.ie (2022-01-11). Dáta rochtana: 2024-03-21.
  25. ↑ "Teachtaí Dála ag iarraidh go dtabharfaí cosaint níos mó don Ghaeilge i reachtaíocht nua oideachais" (ga-IE). Tuairisc.ie (2022-02-01). Dáta rochtana: 2024-03-21.
  26. ↑ "Minister for Health Simon Harris marries cardiac nurse" (en). RTÉ News (2017-07-22). Dáta rochtana: 2026-11-07.
  27. ↑ "Tánaiste Simon Harris and wife Caoimhe welcome baby girl" (en). The Irish Times (2026-10-03). Dáta rochtana: 2026-11-07.
  28. ↑ Eilish O'Regan (2016-09-20). "Crohn's sufferer Simon Harris hails camera that can be swallowed" (en). Irish Independent. Dáta rochtana: 2026-11-07.
  29. ↑ Nuacht RTÉ (2025-09-01). "Fiosrúchán coiriúil faoi bhagairt ar an Tánaiste agus a chlann" (as ga-IE).
  30. ↑ Nuacht RTÉ (2025-11-20). "Bean cúisithe i mbagairt a dhéanamh ar Simon Harris" (as ga-IE).
  31. ↑ Sorcha Ní Mhonacháin / Nuacht RTÉ (2026-02-17). "4 mhí príosúin d'fhear a bhagair an Tánaiste Simon Harris a mharú" (as ga).