Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre
| Sonraí | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| Giorrúchán | SDLP | ||||
| Cineál | páirtí polaitíochta | ||||
| Idé-eolaíocht pholaitíochta | daonlathas sóisialach Éire Aontaithe Náisiúnachas in Éirinn Eorpachas | ||||
| Ailíniú polaitíochta | ar chlé ón lár | ||||
| Stair | |||||
| Dáta a bunaíodh | 21 Lúnasa 1970 | ||||
| Bunaitheoir(í) | Gerry Fitt, John Hume, Ivan Cooper, Austin Currie, Paddy Devlin (en) | ||||
| Gníomhaíocht | |||||
| Ball de | Páirtí na Sóisialaithe Eorpach Idirnáisiúntas Sóisialach | ||||
| Rialachas corparáideach | |||||
| Ceanncheathrú | |||||
| Uachtaránacht | Daniel McCrossan | ||||
| Ógeagraíocht | SDLP Youth (en) | ||||
| Eile | |||||
| Dath | | ||||
| Suíomh gréasáin | sdlp.ie | ||||
Páirtí náisiúnaíoch i dTuaisceart Éireann is ea Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre (PSDLO)[1] (as Béarla, Social Democratic and Labour Party, SDLP). Páirtí daonlathach sóisialach is ea é atá ina chomhalta den Idirnáisiúntas Sóisialach.
Is é Ógra PSDLO an eagraíocht don aos óg.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ag tús na bliana 1970, ní raibh Na Trioblóidí ach ina dtús ach ba léir do John Hume go raibh géarghá le páirtí polaitíochta a bhunú chun ionadaíocht a dhéanamh ar an bpobal náisiúnach ó thuaidh.
Bhí seisear feisirí náisiúnacha i Stormont ag an am. Toghadh Hume mar fheisire neamhspleách agus bhí aithne mhaith aige ar bheirt fheisirí neamhspleácha eile – Ivan Cooper agus Paddy O’Hanlon – ón am a chaith siad i ngluaiseacht Chearta Sibhialta an Tuaiscirt. Bhí an triúr acu ar aon intinn gur cheart páirtí nua a bhunú agus chuaigh siad i mbun cainteanna leis an triúr feisirí eile: Gerry Fitt (Páirtí Poblachtach an Lucht Oibre), Austin Currie (An Páirtí Náisiúnach) agus Paddy Devlin (Páirtí an Lucht Oibre i dTuaisceart Éireann).[2]
Chonacthas do Devlin agus do Fitt gur bhain siad leis an traidisiún sóisialach agus bhí tuairimí láidre acu beirt faoin lucht oibre. Dar le Hume, ba dhaonlathaí sóisialta é seachas sóisialaí. Ní ó scoil ghramadaí a tháinig Fitt agus, murab ionann agus Hume, is é féin a d’oil é féin. Ba mhór ag Fitt a neamhspleáchas agus bhí drogall air a bheith ina bhall de pháirtí.
Ar an 21 Lúnasa 1970, seoladh Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre in Óstán an Grand Central i mBéal Feirste. Roghnaíodh Gerry Fitt mar cheannaire an pháirtí agus John Hume mar leas-cheannaire.
Tháinig an-chuid den bhallraíocht ó na Daonlathaigh Náisiúnaíocha[3] (an National Democratic Party), páirtí beag náisiúnaíoch a díscaoileadh tar éis an PSDLO a bhunú.
Ar dtús, dhiúltaigh an PSDLO do pholasaí an Pháirtí Náisiúnaigh, is é sin gan freastal ar an bparlaimint, agus rinne sé iarracht troid ar son na gceart sibhialta laistigh den chóras a bhí i réim i Stormont. Mar sin féin, tháinig an páirtí go tapa ar an tuairim nach nglacfadh Stormont le leasuithe, agus tharraing sé siar as an bparlaimint.
I ndiaidh Pharlaimint Thuaisceart Éireann a chur ar ceal sa bhliain 1972, tháinig an PSDLO chun cinn mar an dara páirtí ba mhó, agus mar an páirtí ba mhó sa phobal náisiúnach, sna toghcháin don Tionól nua ó thuaidh a bunaíodh sa bhliain 1973: bhuaigh an páirtí 19 as 78 suíochán. Ba é an PSDLO ceann de na páirtithe a ghlac páirt sa chaibidlíocht as ar eascair Comhaontú Sunningdale, agus ina dhiaidh sin bunaíodh an feidhmeannas comhroinnte cumhachta i mí Eanáir 1974. Ghlac Gerry Fitt, ceannaire an PSDLO, oifig mar Leas-Phríomhfheidhmeannach sa rialtas taobh le Páirtí Aontachtach Uladh (faoi stiúir Brian Faulkner) agus Páirtí na Comhghuaillíochta. Bhí an Tionól agus an Feidhmeannas gearrshaolach, áfach, agus thit siad i mí na Bealtaine 1974, cúig mhí i ndiaidh a mbunaithe, de bharr an fhreasúra leanúnaigh laistigh den phobal aontachtach in aghaidh an chomhaontaithe. Níor shuigh an páirtí i rialtas arís go ceann 25 bliain.
Cé gur chas John Hume agus Gerry Adams (Sinn Féin) lena chéile den chéad uair i 1986, cuireadh tús foirmiúil le cainteanna Hume-Adams ag tús na bliana 1988. Glactar leis go forleathan gur lúb thar a bheith tábhachtach ab ea na cainteanna sin i slabhra phróiseas na síochána agus sa Chomhaontú Aoine an Chéasta a d’eascair as.[2]

2000idí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é an PSDLO an páirtí náisiúnaíoch ba mhó i dTuaisceart Éireann ó aimsir a bhunaithe go dtí tús an 21ú haois. Sa bhliain 1998, ba é an páirtí ba mhó ar an iomlán ó thaobh vótaí de, an chéad uair (agus an t-aon uair go dtí seo) ar bhain páirtí náisiúnach é sin amach. Bhuaigh Sinn Féin níos mó suíochán agus vótaí ná an PSDLO den chéad uair sa bhliain 2001 in olltoghchán Pharlaimint na Ríochta Aontaithe agus sa bhliain 2003 i dtoghchán Thionól Thuaisceart Éireann.
Thosaigh an páirtí ag dul ar gcúl sna toghcháin nuair a scoir John Hume. Níor sheas Hume sa bhliain 2004 i dtoghchán Pharlaimint na hEorpa agus theip ar an PSDLO an suíochán a bhí ag Hume ón mbliain 1979 a choinneáil.
Fuair Sinn Féin an ceann is fearr ar an PSDLO sna blianta tosaigh i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta agus lean an patrún sin ó shin. Nuair a toghadh Colum Eastwood ina cheannaire i mí na Samhna 2015, bhí triúr feisirí Parlaiminte agus ceithre chomhalta déag den Tionól ag an bpáirtí, é féin ar dhuine acu.
I dtoghchán Stormont 2016 fuair an PSDLO dhá shuíochán déag agus thit a vóta 2%. An bhliain dár gcionn, i dtoghchán eile nuair a laghdaíodh líon comhaltaí an Tionóil ó 108 go 90, choinnigh siad an dá shuíochán déag, ceann de bhuaicphointí a ré.
I gcúrsaí Westminster, chaill siad na trí shuíochán Parlaiminte in olltoghchán 2017 le 11.7% den vóta, ach in 2019 bhí buaicphointe eile ag Eastwood nuair a bhuaigh sé féin agus Claire Hanna dhá shuíochán ar ais, san Fheabhal agus i ndeisceart Bhéal Feirste, le móraimh ollmhóra; choinnigh siad an dá shuíochán sin in olltoghchán 2024, cé gur laghdaigh a vóta.[4]
2020idí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa toghchán Tionóil sa bhliain 2022, níor bhuaigh an páirtí ach ocht suíochán as an dá cheann déag a bhí aige, cor a d’fhág nach raibh dóthain comhaltaí aige le bheith páirteach san Fheidhmeannas i Stormont. Chaill sé ceithre shuíochán agus ní raibh sé i dteideal aireachta san Fheidhmeannas le hochtar comhaltaí ar 9% den vóta.[4]
I mí Mheán Fómhair 2022, i ndiaidh athbhreithniú inmheánach ar thoradh an toghcháin, shocraigh an páirtí gan leas-cheannaire nua a cheapadh, mar chuid d’athstruchtúrú ar an eagraíocht.[5] Sa bhliain chéanna tháinig deireadh leis an gcomhpháirtíocht pholasaí a bhí ag an PSDLO le Fianna Fáil ó 2019.[6]
Agus sa bhliain 2023, buaileadh buille trom ar an PSDLO sna Toghcháin Áitiúla Thuaisceart Éireann 2023. Chaill an páirtí 20 suíochán sa toghchán agus ní raibh fágtha aige ach 39 comhairleoir as an 462 ar an 11 údarás áitiúil; níos lú ná ionadaí amháin as gach naonúr.[7]
I mí Feabhra 2024, nuair a athbhunaíodh institiúidí Stormont, ba é an PSDLO a bhunaigh an chéad fhreasúra oifigiúil i dTionól Thuaisceart Éireann, agus ceapadh Matthew O'Toole ina Cheannaire ar an bhFreasúra.
In 2024, ba é an PSDLO a dhiúltaigh don chuireadh chuig an Teach Bán Lá Fhéile Pádraig 2024 mar gheall ar ról Mheiriceá agus Joe Biden sa chogadh i nGaza, ach níor léir gur thug na vótálaithe luach saothair dóibh ar a shon san olltoghchán cé go raibh na mílte i mbun agóide faoin gceist. Bhí Colum Eastwood i bhfad níos fearr ná éinne eile sna díospóireachtaí raidió agus teilifíse réamhthoghcháin ach níor shaothraigh an páirtí díbhinn.[4]
San olltoghchán 2024, choinnigh an PSDLO an dá shuíochán a bhí aige ó 2019. B’iad Colum Eastwood (An Feabhal) agus Claire Hanna (Béal Feirste Theas agus an Dún Láir) beirt fheisirí an PSDLO.
Ar an 5 Deireadh Fómhair 2024, ceapadh Claire Hanna ina ceannaire ar an bpáirtí.[8]
De réir pobalbhreithe a foilsíodh i mí na Nollag 2025, bhí tacaíocht 9.2% ag an bpáirtí, méadú beag ar an 9.1% a bhí aige roimhe sin.[9]
Aidhmeanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí sé mar aidhm ag bunaitheoirí an pháirtí gluaiseacht pholaitiúil a bhunú do náisiúnaithe bunreachtúla a bhí i gcoinne fheachtas paraimíleata na nÓglach Sealadach (nó an tIRA). Ba mhian leo cearta sibhialta do Chaitlicigh agus Éire aontaithe a bhaint amach trí mhodhanna síochánta bunreachtúla.
Mar sin féin, áitíonn daoine eile, mar a thugann an t-ainm le fios, gurbh é an bhéim a bhí ann ar dtús páirtí sóisialta-daonlathach a chur ar bun seachas páirtí náisiúnach.
Lean an díospóireacht seo idir daonlathas sóisialta agus náisiúnachas ar feadh an chéad deich mbliana de shaol an pháirtí. Níos déanaí, mhaígh bunaitheoir agus céad cheannaire an pháirtí Gerry Fitt – a bhí ina cheannaire roimhe sin ar Pháirtí Poblachtach an Lucht Oibre, páirtí a bhí go follasach sóisialach – gurbh é cinneadh an pháirtí Comhairle na hÉireann a éileamh mar chuid de Chomhaontú Sunningdale a léirigh cathain go díreach a ghlac an páirtí le clár oibre soiléir náisiúnach. D’fhág sé an páirtí ina dhiaidh sin, sa bhliain 1979, ag rá nárbh é a thuilleadh an páirtí a bhí i gceist aige ón tús.
Bíonn roinnt daoine den tuairim gur páirtí é an PSDLO atá ar son leasa na gCaitliceach meánaicmeacha i dtús báire, le vótálaithe comhchruinnithe i gceantair thuaithe agus sna haicmí gairmiúla, seachas ina fheithicil ar son náisiúnachais na hÉireann. Diúltaíonn baill eile don argóint seo, ag tagairt don cháipéis a d’fhoilsigh siad sa bhliain 2005 inar leagadh amach a bpleananna d’Éire aontaithe.[4]
Ceannairí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Gerry Fitt (1970–1979)
- John Hume (1979–2001)
- Mark Durkan (2001–2010)
- Margaret Ritchie (2010–2011)
- Alasdair McDonnell (2011–2015)
- Colum Eastwood (2015–2024)
- Claire Hanna (2024–)
Leas-Cheannairí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- John Hume (1970–1979)
- Seamus Mallon (1979–2001)
- Bríd Rodgers (2001–2004)
- Alasdair McDonnell (2004–2010)
- Patsy McGlone (2010–2011)
- Dolores Kelly (2011–2015)
- Fearghal McKinney (2015–2016)
- Nichola Mallon (2017–2022)
Tá an post folamh ó 2022 i leith. I ndiaidh do Nichola Mallon a suíochán Tionóil a chailleadh i dtoghchán 2022, shocraigh an páirtí i mí Mheán Fómhair na bliana sin gan leas-cheannaire nua a cheapadh.[5]
Comhaltaí den Tionól Reachtach (CTR)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Seo a leanas ochtar comhaltaí an pháirtí i dTionól Thuaisceart Éireann a toghadh i dtoghchán 2022:
| Comhalta den Tionól Reachtach | Toghcheantar | Nótaí |
|---|---|---|
| Mark H. Durkan | An Feabhal | Aire Comhshaoil (2013–2016) |
| Cara Hunter | Doire Thoir | Comhthoghadh í in 2020 |
| Daniel McCrossan | Tír Eoghain Thiar | |
| Patsy McGlone | Lár Uladh | Leas-cheannaire (2010–2011) |
| Colin McGrath | An Dún Theas | |
| Sinéad McLaughlin | An Feabhal | Comhthoghadh í in 2020 |
| Justin McNulty | Iúr Cinn Trá agus Ard Mhacha | |
| Matthew O'Toole | Béal Feirste Theas | Comhthoghadh é in 2020; Ceannaire an Fhreasúra (ó 2024) |

Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ""Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-08-21.
- 1 2 "Léargas i mbeathaisnéis úr faoi John Hume ar áit na Gaeltachta in eachtraí stairiúla" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-11-15). Dáta rochtana: 2023-11-20.
- ↑ "National Democratic Party (Northern Ireland)" (as en) (2023-02-16). Wikipedia.
- 1 2 3 4 Póilín Ní Chiaráin (2024-09-01). "Ní léir an sábhálfaidh athrú ceannaireachta an SDLP" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-03-16.
- 1 2 "SDLP to streamline party and will not be appointing a new deputy leader" (en). UTV / ITV News (2022-09-26). Dáta rochtana: 2026-08-21.
- ↑ "SDLP signals end of partnership with Fianna Fáil" (en). BBC News (2022-09-26). Dáta rochtana: 2026-08-21.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (4 Meitheamh 2023). "Feartlaoi an SDLP á scríobh róluath…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-04.
- ↑ RnaG / Adhmhaidin (7 Deireadh Fómhair 2024). "Claire Hanna" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2025-03-16.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (17 Nollaig 2025). "Teachtaireacht lom do Shinn Féin agus an DUP agus tacaíocht an phobail do Stormont ag laghdú" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-08-21.